An 27ú ÉIGSE i gcuimhne Dhiarmuid Uí Shúilleabháin

Cuirfear tús le hÉigse na bliana seo ar an Aoine mar is gnáth, an 30ú Samhain, in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha ar a 8.30 i.n.

Táimíd ag súil le trí lá taithneamhacha spórtúla a bheidh lán de cheol , d’amhránaíocht, de rince agus de spraoi .

Beidh oscailt na bliana seo an-speisialta mar is iad deirfiúracha agus deartháireacha Dhiarmuda a bheidh sa lárchéim don oíche.

Roinnfidh Eilís, Nóirín, Máirín, Danny agus Eoiní cuid dá gcuimhní cinn ar a ndeartháir, Diarmuid, i gcomhrá le Seán Ó Liatháin, buan-chara le Diarmuidín é féin.

Cuirfear tús le CUIMHNÍ CINN MHUINTIR SHÚILLEABHÁIN ag a 9.00 i.n. agus beidh fíon is cáis ar fáil mar is gnáth.

Tá súil againn go mbuailfidh sibh go léir chugainn i Múscraí mar a mbeidh na mílte fáilte romhaibh.

Tá Clár na hÉigse ina iomlán ar fáil anseo.

 

 

Dé hAoine 4ú Nollaig '09

~ 8:00 ~

Oscailt Oifigiuil / Official Opening ~ Sean O’Liathain

Failtiu / Reception in Aras Eamonn Mac Suibhne, Cuil Aodha
Ceol ~ Banna Fliuit Loch Ui Bhogaigh
Seoladh Feilire 2010 / Launch of 2010 Calendar

~ 9:30 ~

Ceili in Abbey Hotel. Adm €10

Ceol ~ Johnny Reidy
Tea/Te ar fail

~ 10:00 ~

Seisiun / Session sa Mhuileann

Ceol ~ Diarmuid O’ Brien, Conal O’ Grada, Paudie O’ Connor, Gearoid O’ Duinnin